Comórtas Mata

November 21st, 2009

Comórtas Mata

 

 

 

Mata

Don tseachtain mata bhí comórtas tablaí ag gach rang. Ar an Aoine seo caite bhí comórtas mata againn sa halla. Phioc na múinteoirí ó rang a 4, 5 agus 6 na paistaí is fearr. Bhí Eoin agus Nollaig ó rang a ceathar. Bhí Seán agus Padraic ó rang a cuig agus bhí Laura agus Meave ó rang a sé.

Ghlaoch Mairéad na ceisteanna amach. Bhí na ceisteanna deacair go leor. D’éirigh go maith leis na paistaí go léir. Bhí beirt ó gach rang ina gcoinne a chéile ar dtús. Ag an deireadh an bheirt a bhí fagtha na Eoin agus Padraic. Bhí ard scór ag an mbeirt acú. Bhuaigh Padraic i ndeireadh.

Fuair an seisear bualadh bos an mhor ó na páistaí o rang a trí go rang a sé a bhí sa halla.

Cúpla pictiurí le teacht